Feabhsaíonn iTurf Galfchúrsa Oileán na Cruite

15 June 2017
  • Whastsapp

In ainneoin buiséad beag a bheith aige tá Brian McMonagle, Príomhchaomhnóir Faiche ag Cumann Gailf Oileán na Cruite i nDún na nGall in Éirinn tar éis feabhas mór a chur ar an gcúrsa trí chlár speisialta ICL iTurf a chur i bhfeidhm. Galfchúrsa nádúrtha naoi bpoll ar chósta an Atlantaigh le sár-radhairc ar an bhfarraige é Oileán na Cruite le par de 68.

Tá an cúrsa 2,809 slat ar fhad le seacht bpoll par a ceathair agus dhá pholl par a trí. Poll suntasach é an séú ceann ata ar imeall creagach na haille agus atá 150 slat ar fhad.  

Dá seolfá siar ó Oileán na Cruite thar an Atlantach ollmhór is í Tuaisceart Mheiriceá an chéad áit a d’fheicfeá agus is gailfairí dílseacha ó na bólaí sin a chuireann leis na 140 baill atá ag Oileán na Cruite chean féin. Is ar na taillí a bhailítear i rith na bliana a ritheann an cúrsa.

Tá Brian ag obair ag an gclub ó 2000 agus tá a chúntóir Donal Timoney leis ó 2005. Tá moladh mór ag dul dóibh beirt as ard-chaighdeán an chúrsa i gcónaí. Ach le ciorraithe buiséid agus aimsir mhífhabhrach rinne Brian teagmhail le Colman Warde, Bainisteoir Náisiúnta ICL, féachaint an raibh earraí eile ar fáil a chuirfeadh feabhas eile fós ar an gcúrsa.

Dhear Brian agus Colman clár iTurf ar leith bunaithe ar éilimh shonrach chothabhála an chúrsa de réir an bhuiséid a bhí aige.

Tosaíonn Brian an bhliain le Greenmaster Pro-Lite Cold Start á chur amach ar na faichí chun tús maith a chur le fás na bliana.

I rith an tSamhraidh nauir a bhíonn an chuid is mó den imirt ann, úsáideann BrianSierraformGT All Season mar bhunbheathú rud a chuidíonn le teacht aniar an chúrsa. Anuas air sin cuirtear meascán míosúil de Sportsmaster WSF Spring & Summer, SMX, Effect agus Primo Maxx ó Bhealtaine go Meán Fómhair, meascán atá go hiontach do thimpeallacht lúbrach mar seo.

Cuirtear SierraformGT K-Step air i Mí Dheireadh Fómhair chun an fód a chruachan sula dtosaíonn an drochaimsir chrua ag teacht isteach ón Atlantach.  Sna droch-choinníolacha seo cuireann Brian meascán de Sportsmaster High K, SMX agus Effect mar chothabháil éadrom don phlanda i rith na míonna is fuaire.

Ag trácht dó ar a bhfuil ag éirí leis an gclár ICL iTurf deir Brian: ‘Caithfidh mé a admháil gur shíl mé i dtosach go mbeadh earraí ICL ró-chostasach dom ach shochraigh mé labhairt le Colmán ar aon nós. Shuíomar síos agus bhí comhrá fada againn faoin gcúrsa agus a chothabháil agus dhearamar clár a dhéanfadh an beart dúinn ach a bheadh taobh istigh den bhuiséad.

‘Ta feabhas iontach curtha ar an gcúrsa ag an gclár agus tá an difríocht tugtha faoi deara ag na baill agus ag ár gcuairteoirí araon. Léiríonn sé go bhfuil clár ICL amuigh ansin do gach áit – bíodh sé ina ardchúrsa le hilchomórtais mhóra nó cúrsa áitiúil naoi bpoll ar imeall an Atlantaigh!’

English version.